Díospóireachtaí an Idirbhliain Samhain 2017

Bhí díospóireachtaí spreagúla ar súil sna ranganna Gaeilge an téarma seo idir foireann éagsúla. Bhí an rún ‘Ba chóir go mbeadh ábhar éigeantach í an Ghaeilge i ngach scoil in Éirinn’ pléite ag ghrúpa amháin agus bhí dhá fhoireann eile ag troid leis an rún ‘An féidir linn Gaeilge a athbheochan arís?’

Díospóireachtaí den scoth ab ea iad agus bhí na daltaí ag obair go dian dícheallach chun a bheith ina n-eolaithe sna hábhair difriúla. Comhghairdeas le gach dalta ar a n-iarracht féin!

Réamhaisnéis na hAimsire an Chéad Bhliain!

Bhí na daltaí sa chéad bhliain “LIVE ON AIR” an tseachtain seo caite le réamhaisnéis na haimsire ag Coláiste De Lacy.

Bhí post tábhachtach ag gach duine – bhí siad ina láithreoir, eagarthóir, stiúrthóir, scriptscríbhneoir agus fear/bean ceamara.

 

 

 

 

 

 

 

I rith na seachtaine roimhe seo, bhíomar ag foghlaim faoin aimsir, na contaetha agus na treoracha agus ba dheis iontach é seo an triú chuid a chun le chéile i mbealach cruthaitheach.

 

 

 

 

 

 

 

Bhí craic agus spraoi ag gach duine. Bhí siad ag obair go dian chun fís siamsúil a chruthú le chéile don rang agus don mhúinteoir agus bhíomar go léir ag gáire ag an deireadh. Maith thú!